CRUINNITHE DAOINE (#13814)

A Dhia liom! go deimhin, tá na seirbhísigh seo ag tiontú chugat, agus iad ag déanamh achainí ar ríocht do thrócaire. Go deimhin, tá siad á dtarraingt ag do naofacht, agus ar lasadh  le tine do ghrá. Tá siad ag iarraidh go neartófar iad i do ríocht éachtach, agus iad ag súil le hardú i do fhlaitheas ar neamh. Go deimhin, tá siad ag tnúth le go dtuirlingeoidh bronnadh uait ar mhéad a bhfuil d’fhonn orthu soilsiú a fháil ó ghrian  na beatha. A Dhia, déan díobh lampaí lonracha, comharthaí trócaire, crainn thorthúla agus réaltaí niamhracha. Seasaidís chun tosaigh i do sheirbhís agus ceanglaídís leat trí naisc agus trí bhannaí do ghrá, agus iad ag tnúth le soilse d’fhabhair. A Dhia! déan díobh comharthaí treoraithe, meirgí de chuid do ríochta síoraí, tonnta ar fharraige do thrócaire agus scátháin ar sholas do mhaorgachta. 
Go deimhin, is tusa an Flaithiúil. Go deimhin, is tusa an Trócaireach. Go deimhin is tusa an Mórluachach, Ansacht ár gcroíthe.

-`Abdu'l-Bahá
-----------------------

